De bharr go bhfuil baill nua do theaghlach Caoi Cainte anois beidh uair an chloig iomlán againn ar an aer agus dhá chlár laistigh den uair an chloig!
Ar an gcéad chlár an tseachtain seo bhíomar ag labhairt le Breda Joyce, leachtóir i GMIT agus Caroline Ní Riain, mac léinn OÉ Gaillimh faoin tionchar atá ag snámh san fharraige orthu.
Ar an dara chlár bhíomar ag labhairt le Cuan Greene, cócaire óg agus ag labhairt le Dara Kelly agus Ronan O’Connell ón ngrúpa damhsa Ghaelaigh, Cairde, atá tar éis 1.7 milliúin leantóir a bhaint amach ar TikTok.